Smart Thinking Books

Roghliosta Siopa Leabhar: An Siopa Leabhar, mBaile Átha Cliatha /
Bookshop Picks: An Siopa Leabhar, Dublin

Roghliosta Siopa Leabhar / Bookshop Picks: An Siopa Leabhar, mBaile Átha Cliatha / Dublin


Tá áthas an domhain orm an agallamh sin a foilsiú! Le haghaidh Seachtain na Gaeilge an tseachtain seo chugainn, phioc Gráinne agus an fhoireann ins An Siopa Leabhar i mBáile Átha Cliatha roghliosta leabhair smaoineamh cliste as Gaeilge iontach liomsa! Léigh a hagallamh den scoth thíos faoi.
/
I'm very happy to publish this interview! For Seachtain na Gaeilge next week, Gráinne and the team at An Siopa Leabhar in Dublin picked a great list of smart thinking books in Irish for me! Read the great interview below.

~

C. Cad é dhá leabhar neamhfhicsin a thaitníonn libh nó a bhfuil an-tóir orthu sa siopa?
/
Q. What are two recent non-fiction books that are your favourite and/or have been popular in your shop?

Tá leabhar nua ag Simon Ó Cróinín faoin mbeachaireacht agus faoi bheacha atá iontach suimiúil – sin cuid den nádúr a bhfuil a lán daoine anois ag díriú uirthi agus dar ndóigh is gá tacaíocht a thabhairt do bheacha (agus leis an timpeallacht i gcoitinn). Blas Meala an teideal atá air sin.
/
There is a new book by Simon Ó Cróinín about beekeeping and bees that is very interesting - that is part of nature that a lot of people are now giving attention to and of course it's necessary to support the bees (and the general environment). Blas Meala is the title of it.

Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí

Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí

Simon Ó Cróinín

Is é atá ann scéal triúr fear agus a gcuid iarrachtaí bonn a chur faoin mbeachaireacht ar bhánta na Mí. Cuntas cuimsitheach atá sa leabhar seo ar conas beacha dubha dúchasacha na hÉireann a bhainistiú, na seifteanna ar éirigh leo mar aon leis na cinn nár éirigh, agus ar na bealaí is fearr chun stoc a bhainistiú.

Tá cur síos ann ar thalamh, ar phlandaí, ar ainmhithe agus ar mhuintir Ríocht na Mí – lón machnaimh do dhuine ar bith ar spéis leo an nádúr agus gach a maireann ann. Mar bharr air seo, tá caibidil sa leabhar ar dhéanamh dheoch ársa na hÉireann: an mheá.

Cheannaigh Ar / Buy On:

An Siopa Leabhar €15.00

(All affiliate links earn commission from purchases that help fund this site. Prices accurate at time of writing)

D'eisigh Áine Uí Fhoghlú leabhar dochreidte álainn le déanaí faoin bpobal áitiúil i nGaeltacht na Rinne thíos i bPort Láirge. Tá an leabhar seo dátheangach, agus istigh leis tá blúiríní béaloidis ó mhuintir na gáire mar aon le bleaist iontach pictiúr. Scéalta agus Seanchas / Potatoes, Seaweed and Children an teideal atá ar an gceann sin.
/
Áine Uí Fhoghlú issued an incredibly beautiful book recently about the local people in the Gaeltacht in Ring below in Waterford. This book is bilinugal and inside are funny nuggets of folklore from the people that whip up a great picture. Scéalta agus Seanchas / Potatoes, Seaweed and Children is the title of that one.

Scéalta agus Seanchas / Potatoes, Seaweed and Children

Scéalta agus Seanchas / Potatoes, Seaweed and Children

Áine Uí Fhoghlú

Béaloideas agus cuimhní cinn ó Ghaeltacht na nDéise.
Insíonn an leabhar álainn gleoite seo scéal pobail ó ré atá imithe go deo ach, ainneoin gach tuair, a bhfuil an Ghaeilge fós beo ina measc inniu. Faighimid scéalta anso ó Ghaeltacht na nDéise, ó dhuine is fiche a rugadh sa chéad leath den bhfichiú haois, ar nósanna agus traidisiúin, ar phiseoga agus cleachtais a n-óige. Comhar na gcomharsan ba bhun agus barr lena saol, pé acu ag saothrú na talún, ag deisiú líonta, ag ceiliúradh breith linbh nó ag caoineadh na marbh. Roimh theacht na nua-theicneolaíochta, chruthaigh an pobal seo a cuid siamsaíochta féin. Cuireann na cainteoirí síos go healaíonta dúinn anso ar shaol agus ar ré ná feicfear go deo arís.

Leabhar toirtiúil le clúdach crua atá anseo, é lán eolais agus pictiúr.

Cheannaigh Ar / Buy On:

An Siopa Leabhar €30.00

(All affiliate links earn commission from purchases that help fund this site. Prices accurate at time of writing)

C. Cad é dhá shárleabhar neamhfhicsin is maith libh nó is maith le do custaiméirí?
/
Q. What are two classic or established non-fiction books that you and/or your customers like?

Tá an-cion ag ár gcustaiméirí ar leabhair le Matt Hussey, agus tá ceann úr tagtha amach aige a théann trí bheathaisnéisí eolaithe éagsúla, faoin teideal Laochra na hEolaíochta. Seo leabhar a thaitneodh le héinne a léigh An Forthéamh Domhanda leis an údar céanna.
/
There is a lot of love with our customer for the books of Matt Hussey, and he has a new one out that goes through the biographies of different scientists, under the title Laochra na hEolaíochta. This is a book that anyone who read An Forthéamh Domhanda by the same author would enjoy.

Laochra na hEolaíochta

Laochra na hEolaíochta

Anthony Cronin

Léiríonn scéal na heolaíochta coimhlint iontach chasta an chine dhaonna chun cur lena thuiscint ar nádúr is feidhmiú an domhain agus na cruinne taobh amuigh de. Is scéal spreagúil corraitheach iltoiseach é, agus is scéal daonna é. Iarracht sheicheamhach imlineach atá sa leabhar seo an scéal sin a insint, agus tábhacht fhorásach na heolaíochta i saol an lae inniu a chur i láthair céim ar chéim, ag cur síos ar phríomhéachtaí na laochra eolaíochta is mó ó thús na staire.

Ta an réabhlóid eolaíochta agus an réabhlóid teicneolaíochta ag rith ar aghaidh as lámha a chéile i ngach gné de shaol an lae inniu. Is in intinní, léargais, foighne, dianseasmhacht is ionracas na n-eolaithe is na dteicneolaithe a thosaigh is a thosaionn na réabhlóidí seo. Mar sin, dirionn an leabhar seo ar a gcuid éachtai tábhachtacha siúd chun creatlach scéal na heolaíochta a chur i láthair.

Riantar an chaoi a ndeachaigh na heolaíochtaí éagsúla chun cinn ó aois go haois. Tá cur síos le fáil anseo ar bhreis is 3,500 eolaí, a gcuid saothair agus éachtai. Tugtar aird faoi leith ar an gcion a rinne eolaithe as Éirinn agus eolaithe a d’oibrigh in Éirinn. Ar deireadh, pléitear cuid de na constaici atá os comhair na heolaíochta anois agus feasta.

Cheannaigh Ar / Buy On:

An Siopa Leabhar €15.00

(All affiliate links earn commission from purchases that help fund this site. Prices accurate at time of writing)

Tá leabhar an-spéisiúil scríofa ag Michael Cronin freisin, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/Irish and Ecology a léiríonn an nasc idir an timpeallacht agus an teanga. Leabhar dátheangach atá ann.
/
There is a very interesting book written by Michael Cronin also, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/Irish and Ecology which illustrates the link between the environment and the language. It is bilingual book.

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

Michael Cronin


Cheannaigh Ar / Buy On:

An Siopa Leabhar €15.00

(All affiliate links earn commission from purchases that help fund this site. Prices accurate at time of writing)

C. Cad é leabhar neamhfhicsin amháin speisialta a bhfuil meas agaibh air nó atá sa siopa agus nach bhfuil eolas go maith air?
/
Q. What is one wildcard smart thinking book that you like and/or you have in stock which may not be very well known?

Tá sraith leabhar neamhfhicsin iontach do pháistí 8+ a léiríonn na tréithe a bhaineann le feithidí éagsúla, is é sin sraith Seo Agat. Tá ceann faoi bheacha, faoi sheangáin, faoi damháin alla agus faoi fhéileacáin. Ceann a thaitníonn go mór liomsa agus nach raibh agam agus mé óg ná Leabhar Mór an Eolais, cineál ciclipéid do dhaoine óga nó a d'oirfeadh d'fhoghlaimeoirí ar an meánleibhéal ach oiread.
/
A series of great non-fiction books for children aged 8+ that illustrate the qualities of different insects is the Seo Agat series. There is one about bees, about ants, about spiders and about butterflies. One that I really enjoy and that I didn't have when I was young is Leabhar Mór an Eolais, a kind of encyclopaedia for young people or it would be good for learners at intermediate level as well.

Seo agat beacha

Seo agat beacha

An ndearna tú iontas d’fhéileacán riamh? Ar mhaith leat eolas a fháil faoi shaol iontach na ndamhán alla? An eol duit go bhfuil cineálacha éagsúla seangán ann? Cad faoi chóras iontach oibre na mbeach? Sna leabhair seo beidh tú i gcomhluadar na bhfeithidí seo uile agus iad ag cur síos duit a saol féin, a gcuid nósanna, a gcuid bia, an tslí a dtagann siad ar an saol, na naimhde acu agus mar a bhíonn siad ag faire amach dá chéile. Tá sraith fíricí suimiúla i ndeireadh gach leabhar faoin mbaint thábhachtach atá ag na feithidí seo leis an timpeallacht.

Cheannaigh Ar / Buy On:

An Siopa Leabhar €5.50

(All affiliate links earn commission from purchases that help fund this site. Prices accurate at time of writing)

~

Míle buíochas do Gráinne agus an fhoireann ins An Siopa Leabhar as an agallamh den chéad scoth! Seiceáil An Siopa Leabhar ar Facebook, Twitter agus Instagram.
/
Huge thanks to Gráinne and the Siopa Leabhar team for a fantastic interview! Check out An Siopa Leabhar on Facebook, Twitter agus Instagram.
Daryl



< Home

About Smart Thinking Books

Smart Thinking Books was born to shine a spotlight on books that can fuel your mind! Many smart thinking books have changed the way I look at the world for the better, so I started this site to help spread the word.
- Daryl Feehely

All links to bookseller websites are affiliate links that earn commission from qualifying purchases which help to fund this site.

Subscribe to our monthly newsletter